Déanfaidh Clár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa agus Comhlacht na gClár Speisialta AE (SEUPB) clinic comhpháirteach iarratais a óstáil ar an Iúr an 16 Aibreán le haghaidh iarratasóirí féideartha faoi Ghlao 9.
Déanfaidh Filippo Compagni, Pointe Teagmhála Náisiúnta na Ríochta Aontaithe do Chlár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa, agus Rita McGarvey, Pointe Teagmhála Náisiúnta na hÉireann, cruinnithe duine le duine a éascú, ar lena linn a bheidh deis ag iarratasóirí féideartha comhairle agus treoir a fháil maidir leis an togra tionscadail uathu roimh an spriocdháta le haghaidh iarratais chéim 1 faoi Ghlao 9, is é sin, an 14 Meitheamh 2019.
Tionólfar an ócáid in oifigí Idir-Thrádáil Éireann ar an Iúr, Co. an Dúin.
Chun clárú don ócáid, seol ríomhphost chuig Gerry Bradley, SEUPB, ag gerry.bradley@seupb.eu faoin 1 Aibreán. Sannfar am cruinnithe leis an bPointe Teagmhála Náisiúnta.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Ghlao 9, logáil isteach ar shuíomh Gréasáin Chlár Interreg Iarthuaisceart na hEorpa ag http://www.nweurope.eu/ nó cuir glao ar Rita McGarvey, Pointe Teagmhála Náisiúnta na hÉireann, Tionól Réigiúnach an Deiscirt, ar 051 860700.